Réamhrá
Tá ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’ ar cheann de na paidreacha dúchais Gaeilge is mó ráchairte sa traidisiún agus, i riocht iomainn, is iomaí cóiriú agus taifeadadh a rinneadh air i rith na mblianta (Ó Tuama 1958; Ó Gallchobhair 1967; Ó Riada 1971; Lawton 1999; Palestrina Choir 2009; Begley agus Mac Diarmada 2012 gan ach cúpla sampla a lua). Is féidir gur toradh é clú an iomainn ar an scaipeadh forleathan a fuair na cóirithe ceoil a chuir Seán Ó Riada (1971) agus Gerard Gillen (1975: 33) ar fáil dó tar éis an dara Comhairle Vatacánach (feic Gillen 2000: 554, 556). Is díol spéise é, áfach, nach gcuirtear an fonn céanna leis an téacs sna cóirithe ceoil éagsúla agus go maireann téacs na paidre sa traidisiún beag beann ar aon chóiriú ceoil ar leith (feic O’Keeffe 2017: 24–50 do phlé ar an ngaol idir téacs agus ceol sa traidisiún). In ainneoin an éilimh atá ar an bpaidir mar iomann, is beag aird atá faighte ag téacs na paidre i léann litríocht na Gaeilge.
Is é cuspóir an ailt seo ná tús a chur le plé ar aeistéitic agus ar spioradáltacht théacs ‘Bí a Íosa i m’ chroíse.’ Déanfar é sin trí ghrinnanailís a dhéanamh ar struchtúr, ar fhriotal agus ar chiútaí liteartha an téacs, agus toisc paidir Chríostaí a bheith i gceist ina dtugann an paidreoir cuireadh d’Íosa teacht chun cónaithe go hinmheánach sa phaidreoir féin, scrúdófar, freisin, an tionchar a bhí ag an diagacht Chaitliceach ar ábhar agus ar stíl na paidre. Dá bhrí sin, sula dtabharfar aghaidh ar an téacs, cuirfear comhthéacs ar fáil trí achoimre a dhéanamh ar na tuiscintí ar láithreacht inmheánach Dé is féidir a dhíorthú ón scoláireacht ar na paidreacha dúchais agus ón diagacht Chaitliceach araon. Bunaithe ar an achoimre sin, áiteofar san anailís théacsach go bhfuil rian de na horthaí cosanta traidisiúnta le feiceáil ar ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’ agus go bhfuil tionchar suntasach an teagaisc Chaitlicigh maidir le láithreacht inmheánach Dé le léamh air freisin. Léireofar, freisin, nach dtarlaíonn an t-aontú le Dia atá á lorg ag an bpaidreoir laistigh den phaidir agus go gcuireann an líne dheireanach de gach véarsa béim ar streachailt an phaidreora leis an gcoimhthíos ó Dhia. I bhfianaise na hanailíse, tuairimeoidh an t-alt seo gur streachailt ábhartha don chreidmheach nua-aimseartha í an streachailt le láithreacht agus le neamhláithreacht Dé agus go bhféadfadh an streachailt sin sa téacs a bheith ar cheann de na cúiseanna a mbíonn tóir fós ar ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’ mar phaidir agus mar iomann san aonú haois is fiche.
Láithreacht inmheánach Dé sa tsuibiacht dhaonna: an scoláireacht ar na paidreacha dúchais agus an diagacht Chaitliceach
Sa scoláireacht ar na paidreacha dúchais is minic a thagraítear do láithreacht Dé sa duine daonna. Deir Diarmuid Ó Laoghaire go mbíonn ‘Dia ina Rí na Glóire’ agus go mbíonn sé freisin ‘inár gcroí istigh’ sna paidreacha (Ó Laoghaire 1997). Tagraíonn Cathal Ó Háinle do ‘immediacy,’ ‘familiarity’ agus ‘muintearas’ mar shaintréithe de chuid na bpaidreacha dúchais agus sonraíonn sé go dtugann véarsaí áirithe guth don ‘desire to be completely possessed by the Trinity’ (Ó Háinle 1976: 587). Sonraíonn Mícheál Mac Craith (1992: 122), Eibhlín Ní Chionnaith (2012: 17) agus Éilís Ní Thiarnaigh (2012: 115) láithreacht Dé agus gaireacht Dé, freisin, mar shaintréithe de chuid na bpaidreacha agus de chuid na spioradáltachta Gaelaí i gcoitinne. I bhfocail Ní Thiarnaigh:
It is often and rightly said that the emphasis on the presence and nearness of God to us is the most significant feature of Irish Spirituality […] This means that we can speak to him from our hearts and keep him company, whatever time of day it happens to be or whatever we happen to be doing. (Ní Thiarnaigh 2012: 115)
Feictear an bhéim chéanna ar láithreacht Dé sa taighde ar na lúireacha cosanta traidisiúnta agus luann Una Nelly ‘the protecting presence of the divine’ iontu (Nelly 1988: 432). Míníonn Seán Ó Duinn gurb é atá sa lúireach ná guí ar Dhia duine a chosaint ó chontúirtí (Ó Duinn 1990). Feicfimid san anailís théacsach thíos go lorgaíonn an paidreoir in ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’ cosaint ón bpeaca, ón mbás agus ón aonaránacht agus go bhfuil macallaí le sonrú ann, go háirithe, ón sciathlúireach a luaitear le Naomh Pádraig agus a dtugann Ó Duinn ‘Pádraig 14’ uirthi (1990: 7). Sa lúireach sin faightear: ‘Críost romham / Críost i mo dhiaidh / Críost ionam’ (1990: 76) agus in ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’ faightear an líne: ‘Ó a Íosa, ’Dhé dhílis, bí romham is ’mo dhéidh’ in éineacht le go leor guíonna do láithreacht inmheánach Dé (‘Bí a Íosa i m’ chroíse i gcuimhne gach uair,’ mar shampla amháin). Dearbhaíonn Ó Duinn go bhfuil an bhéim sin ar láithreacht Dé ‘caomhnaithe go forleathan sa bhéaloideas i bpaidreacha dúchais na ndaoine’ (1990: 103) agus go bhfuil ‘rianta de chreideamh misticiúil [sic]’ (1990: 88) le léamh uirthi. Maidir le samplaí áirithe, sonraíonn sé gur ‘deacair éalú ón idé de Reiligiún na Seilbhe ina nglacann Dia seilbh iomlán ar an duine, ar a chorp agus ar a anam, ar gach bogadh a cholainne agus a aigne’ (Ó Duinn 1990: 103). Áitíonn sé gur ‘cuid d’oidhreacht ársa IndEorpach’ í ach aithníonn sé, freisin, gur cuid ‘de ghnáth-thraidisiún na hEaglaise’ í (1990: 172, 103).
Cé go bhfuil an ceart ag Ó Duinn (1990: 167) nuair a deir sé ‘nár leagadh mórán béime ar an teagasc seo faoi inmheánacht Dé i ndiagacht na hEaglaise i rith na gcianta,’ is cinnte go bhfuil níos mó béime curtha ag an eaglais Chaitliceach ar an teagasc maidir le láithreacht inmheánach Dé san fhíréan le déanaí agus go háirithe ó rinneadh naomh, sa bhliain 2016, d’Élisabeth de la Trinité (1880–1906). Ba Chairmilíteach í Élisabeth Catez (Naomh Eilís na Tríonóide) a rugadh in Dijon na Fraince agus glactar leis go raibh sí ina finné agus ina haspal speisialta ar láithreacht inmheánach Dé sa duine daonna (Hunt 2008: 72). D’fhág sí cúpla scríbhinn spioradálta agus níos mó ná 300 litir ina diaidh a thugann léargas ar leith ar an teagasc áirithe seo de chuid na heaglaise (Elizabeth of the Trinity 2014a agus 2014b).
Is fiú a shonrú, freisin, go ndéantar dealú, de ghnáth, sa diagacht Chaitliceach idir uileláithreacht Dé ina chruthaitheacht agus láithreacht inmheánach Dé sa bhaistíoch agus gurb é an teagasc faoin dara cineál láithreachta díobh sin a leagfar amach anseo. Is teagasc é atá fréamhaithe sna scrioptúir agus go háirithe i soiscéal Naomh Eoin, áit a ndeir Íosa: ‘Má bhíonn grá ag duine dom…coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis’ (Eoin 14: 23 – is é An Bíobla Naofa (1981) foinse na dtagairtí scrioptúir go léir anseo) agus in áit eile: ‘Fanagí ionamsa, agus mise ionaibh … óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh’ (Eoin 15: 4–5); agus i litreacha Naomh Pól áit a moltar don chreidmheach a bheith ‘ar aon mheon le hÍosa Críost’ (Filipigh 2: 5). Tá go leor machnaimh déanta ag diagairí ar na sleachta scrioptúir sin thar na blianta agus ní bheadh sé indéanta san alt seo gach gné d’ábhar a bhfuil stair fhada ghabhlánach aige a chur i láthair. Ar an ábhar sin, rinneadh iniúchadh ar an léiriú a fhaightear ar theagasc na heaglaise faoi láithreacht inmheánach Dé sa duine daonna i dtrí phríomhfhoinse: i ndoiciméid oifigiúla na heaglaise (Mystici Corporis Christi [Pius XII 1943]; Divinum Illud Munus [Leo XIII 1897] agus Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí [Veritas – Liberia Editrice Vaticana 2001] go háirithe); i saothar ionadaíoch ó naoimh agus ó dhiagairí a phléigh an teagasc (feic Naomh Aibhistín 1992; Thomas Aquinas (Naomh Tomás Acuineach) 2017; Elizabeth of the Trinity (Naomh Eilís na Tríonóide) 2014a agus 2014b; Moreno 1985; Meszaros 2015; McPolin 1979: 207–208; Cary 2008: 97–101; Hunt 2008; Von Balthasar 1986 agus 1992 agus Lewis 2017); agus i saothar scríbhneoirí spioradálta éagsúla a chuir béim ar leith ar an teagasc (Houselander 2020 agus Keating 2001a & b). Is éard atá anseo thíos ná achoimre, faoi cheithre mhórtheideal, ar na príomhghnéithe den teagasc Caitliceach mar a thagann an teagasc sin chun cinn sna saothair sin a cíoradh.
1. Láithreacht inmheánach na Tríonóide sa duine agus an grá
Sa chéad áit, is cuid í teagasc na heaglaise Caitlicí ar láithreacht inmheánach Dé san fhíréan dá teagasc ar an Tríonóid. Is é sin an teagasc faoi nádúr Dé. Deimhníonn an teagasc an creideamh go bhfuil Dia na Tríonóide – Dia an Ghrá (Von Balthasar 1986: 25–26) – ina chónaí, trí ghrásta cónaitheach Dé, laistigh den chreidmheach baiste ag gach nóiméad. De réir an teagaisc, is Dia caidreamhach é Dia na Tríonóide ó nádúr a lorgaíonn caidreamh idirphearsanta leis an duine daonna. Ar an ábhar sin, tá an grá agus an caidreamh chun tosaigh agus is de bharr an ghrá a thagann an Tríonóid chun cónaithe sa chreidmheach. Rud eile is fiú a lua ná go luaitear pearsa amháin de chuid na Tríonóide (Críost nó an Spiorad Naomh, de ghnáth) i dtéacsanna áirithe faoi láithreacht inmheánach Dé san fhíréan ach go mbíonn sé intuigthe i gcónaí gurb í an Tríonóid (an tAthair, an Mac (Críost) agus an Spiorad Naomh) atá i láthair. I bhfocail eile, creidtear nach féidir le pearsa amháin den Tríonóid a bheith ina cónaí sa duine in éagmais na bpearsana eile.
2. Glacadh, fás an chaidrimh agus aithris ar Chríost
Sa dara háit, de réir an teagaisc, iarrann Dia ar an gcreidmheach maireachtáil ann agus ina chuideachta. Mar a chonaiceamar sna sleachta ó Shoiscéal Naomh Eoin a luadh thuas, is ionann é sin agus aitheanta agus briathar Dé a choinneáil. I bhfocail an scoláire scrioptúir, Scott M. Lewis: ‘[t]o “remain” assumes fulfilling the love commandment of Jesus’ (Lewis 2017: 1186). Má choinníonn an creidmheach briathar Dé, agus má ghlacann sé/sí le láithreacht inmheánach Dé (Meszaros 2015: 467), freagraíonn an duine do láithreacht Dé istigh agus fásann caidreamh comh-mhalartach idir an duine agus Dia diaidh ar ndiaidh (Moreno 1985: 445). Tagraíonn an fealsamh, Philip Cary, don tslí a bhféachann Naomh Abhaistín (354–430) ar Chríost mar ‘a divine inner teacher’ (Cary 2008: 97–101) agus frása de chuid Naomh Tomás Acuineach (c. 1225–1274) a luaitear go minic sa litríocht ar an ábhar ná go mbíonn Dia san fhíréan ‘as the object known is in the knower and the beloved is in the lover’ (Naomh Tomás Acuineach 2017: Cuid 1, Ceist 43, Alt 3). Bíonn de thoradh ar an gcaidreamh go ndéanann an duine aithris ar shampla Chríost ina s(h)aol agus is mar seo a dhéanann an scríbhneoir ar chúrsaí spioradálta, Caryll Houselander (1901–1954) cur síos ar a bhfuil i gceist:
What we are asked to do is to be made one with Christ, to allow Him to abide in us, to make His home in us, and gradually, through the oneness that results from living one life, and through the miracles of His love, consummated again and again in Communion with Him, to become Christs, to live in Him […] When we are changed into Him as the bread into the Host, then with His power we can follow his example. (Houselander 2020: 109–110)
Agus í ag tarraingt ar dhiagacht Bernard Lonergan (1904–1984), cuireann an diagaire, Anne Hunt (2008: 71), an t-eispéireas i gcomparáid le ‘bheith i ngrá le Dia’ agus míníonn sí go léiríonn an creidmheach atá i ngrá le Dia na torthaí a dtagraíonn Naomh Pól dóibh ina litir chuig na Galataigh (Galataigh 5: 22), is iad sin grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, láchas agus measarthacht. Mar bharr air sin, déanann an creidmheach atá ‘i ngrá le Dia’ iarracht grá a léiriú, go háirithe, don té atá ar imeall na sochaí (Moreno 1985: 44; Houselander 2020: 141).
3. Folmhú/Kenosis
Sa tríú háit, tagraítear sa litríocht ar theagasc seo na heaglaise don tslí a mbíonn ar an gcreidmheach é/í féin a fholmhú nó a scoitheadh ó nithe saolta ionas go mbíonn Dia in ann é/í a líonadh (Moreno 1985: 445–446). Tagraíonn an manach Cistéirseach, Thomas Keating (1923–2018), mar shampla, do ‘self-surrender and trust in God’ (Keating 2001a: 9) ach sonraíonn sé freisin, nach gciallaíonn sé sin go gcailltear an duine féin:
The true self is the divine manifesting itself in our uniqueness […]
This does not mean that we have no identity of our own. Nor does it mean total absorption into God, as it does in some Eastern traditions. It does not mean the total loss of self. We remain uniquely whoever we are in virtue of our creation, but there is no possessiveness towards that uniqueness. (Keating 2001a: 94)
Téann scríbhneoirí eile níos faide fós. Ina staidéar ar Naomh Eilís na Tríonóide, mar shampla, áitíonn an diagaire Julia Meszaros gurb é toradh deireanach láithreacht Dé sa tsuibiacht dhaonna ná go mbaintear an duine féin den duine (i bhfocail Meszaros, ‘one is stripped of self,’ 2015: 479) agus, i bpaidir cháiliúil dá cuid, tugann Naomh Eilís na Tríonóide ‘an aibhseacht ina ndéanaim mé féin a chailliúint (immensity in which I lose myself)’ (Elizabeth of the Trinity 2014a: 184) ar Dhia. De réir an teagaisc oifigiúil, áfach, ní ‘sealbhú’ é seo sa chiall Ind-Eorpach ar thagair Ó Duinn di thuas – ní dhéantar Dia den duine sa saol seo. Tá dealú ann idir an duine agus Dia fós ach tríd an bhféinfholmhú aontaítear an duine le Dia an Ghrá agus leo siúd go léir a mhaireann sa ghrá sin (feic Pius XII 1943: Alt 78).
4. Blaiseadh den tsíoraíocht
Sa cheathrú háit, is blaiseadh í láithreacht Dé sa duine de shaol na bhflaitheas. I bhfocail Naomh Eilís na Tríonóide: ‘It seems to me that I have found my heaven on earth, since heaven is God and God is [in] my soul’ (Elizabeth of the Trinity 2014b: 51). Is é seo an tús a chuireann sí lena paidir cháiliúil: ‘A Dhia liom, a Thríonóid dá dtugaim adhradh, cabhraigh liom dearmad a dhéanamh díom féin go hiomlán d’fhonn mé féin a lonnú ionatsa, gan chorraí gan chorrabhuais, ionann agus dá mbeadh m’anam sa tsíoraíocht cheana féin’ (Veritas – Libreria Editrice Vaticana 2001: Alt 260). Ar an gcúis sin, de réir an teagaisc, baineann mistéir agus rúndiamhracht áirithe leis an eispéireas nach féidir a thuiscint go hiomlán ar an saol seo (Pius XII 1943: Alt 79).
Is i gcomhthéacs na léargas sin ón taighde atá déanta ar na paidreacha dúchais agus ón diagacht Chaitliceach a chasaimid anois ar an téacs.
An Téacs: ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’
Leaganacha
Is paidir thraidisiúnta í ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’ a mhair ó ghlúin go glúin mar chuid den traidisiún béil agus, i gcodarsnacht le dánta diaga eile a leagtar ar údair ar leith, ní fios cé a chum an phaidir seo. Is deacair dáta a chur leis na paidreacha dúchais, freisin, ach tá siad sa traidisiún ón ochtú haois déag ar a laghad (Ó Laoghaire 1990: xxiv). Mar is iondúil sa litríocht bhéil, tá leaganacha éagsúla den phaidir ar fáil agus, mar a luadh sa réamhrá thuas, cuirtear foinn éagsúla leis an téacs sna cnuasaigh cheoil. Mar a deir Diarmuid Ó Laoghaire agus é ag trácht ar phaidreacha den chineál seo, athraíonn siad ‘ó áit go háit agus fiú amháin ó bhéal go béal. Má tá ‘dhá ghabháil déag’ ar gach amhrán, tá gan amhras an méid céanna ar gach paidir […]’ (Ó Laoghaire 1990: xxvii).
Cé go mbaineann an phaidir le traidisiún béil na n-iomann cráifeach go príomha agus gur gá, dá réir, noirm na litríochta sin a chur san áireamh, is fiú a shonrú gur miondifríochtaí, seachas difríochtaí suntasacha, iad na difríochtaí idir na leaganacha clóite éagsúla den phaidir áirithe seo. Cé go dtugann na difríochtaí sin ciall éagsúil do línte áirithe, ní athraíonn bunéirim ná bunstruchtúr na paidre ó leagan go leagan. I measc na gcnuasach luath a bhfuil sé i gcló iontu tá: Duanaire Diadha (Cumann Gaodhalach na hEaglaise 1916), Raint Amhrán (Breathnach 1916); Paidreacha na nDaoine (Ní Dhéisighe 1924) agus Dánta Dé (Ní Ógáin 1928). Sa bhliain 1975, d’fhoilsigh Foilseacháin Ábhair Spioradálta Ár bPaidreacha Dúchais: Cnuasach de Phaidreacha agus de Bheannachtaí Ár Sinsear le Diarmuid Ó Laoghaire agus is ó Paidreacha na nDaoine (Ní Dhéisighe 1924) a thóg Ó Laoghaire an leagan de ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’ a chuir seisean ar fáil. Is ar leagan sin Uí Laoghaire a dhíreofar anseo óir tá sé fós ar fáil go héasca don léitheoir comhaimseartha.
Struchtúr
Tá an phaidir eagraithe i gceithre véarsa agus tá struchtúr ciorclach uirthi sa mhéid is go ndéanann an véarsa deireanach macalla ar an gcéad véarsa. D’fhéadfaí an struchtúr sin a chomharthú leis na litreacha: ABCA. Tá ceardaíocht chúramach dhocht le feiceáil, freisin, ar struchtúr inmheánach na véarsaí. I ngach véarsa ar leith, úsáidtear an struchtúr céanna ag tús na chéad trí líne den véarsa áirithe sin agus críochnaítear gach véarsa le líne a bhfuil an gairmeach ceannann céanna ag a tús ó véarsa go véarsa – struchtúr is féidir a chomharthú mar: AAAE; BBBE; CCCE; DDDE / AAAE. Ar ndóigh, ba dheacair i gcomhthéacs an mhéid atá ráite thuas maidir le teagasc na heaglaise ar an duine mar áitreabh don Tríonóid, gan suntas a thabhairt don athrá ‘Tríonóideach’ atá le feiceáil i struchtúr inmheánach na véarsaí. Sula ndíreofar ar na véarsaí féin, is fiú an phaidir ina hiomláine a lua anseo d’fhonn na tréithe struchtúracha sin a léiriú:
Bí a Íosa i m’ chroíse i gcuimhne gach uair,
bí a Íosa i m’ chroíse le haithrí go luath,
bí a Íosa i m’ chroíse le dúthracht go buan.
Ó a Íosa, ’Dhé dhílis, ná scar thusa uaim.
Gan Íosa mo smaointe ní thaitníonn liom féin,
gan Íosa ní scríobhaim ná ní bhogaim mo bhéal,
gan Íosa mo ghníomhartha ní maith iad sa tsaol.
Ó a Íosa, ’Dhé dhílis, bí romham is ’mo dhéidh.
’S é Íosa mo Rí-se, mo chara is mo ghrá,
’sé Íosa mo dhídean ar pheacaí is ar bhás,
’sé Íosa m’aoibhneas, mo scáthán do ghnáth,
’s a Íosa, ’Dhé dhílis, ná scar liom go bráth.
Bí a Íosa go síoraí i m’ chroí is i m’ bhéal,
bí a Íosa go síoraí i m’ thuigse mar an gcéann’,
bí a Íosa go síoraí i m’ mheabhair mar léann,
’ó a Íosa, ’Dhé dhílis, ná fág mé liom féin.
(Ó Laoghaire 1990 [1975]: uimhir 162, liomsa an bhéim)
Véarsa 1
Ordú agus gairmeach muinteartha dírithe ar Íosa atá ag tús na chéad trí líne de Véarsa a hAon (‘Bí a Íosa i m’ chroíse’). Toisc go dtugtar ‘Íosa’ seachas ‘Críost’ ar an gcomhchainteoir diaga léiríonn an cainteoir go bhfuil sé/sí ag labhairt ar bhealach caidreamhach le dlúthchara agus gur mian leis an bpaidreoir go dtiocfaidh an comhchainteoir chun cónaithe go hinmheánach ann/inti.
Toisc a lárnaí agus atá an croí sa phaidir seo, is fiú cúpla ní a lua maidir leis an gcroí sa diagacht Chaitliceach. De réir an teagaisc Chaitlicigh, is é an duine uile a ghuíonn ar Dhia ach go n-úsáidtear an téarma ‘croí’ mar mheatonaime don duine go minic (Veritas – Libreria Editrice Vaticana 2001: Alt 2562). Tugtar an míniú seo in Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí ar a bhfuil i gceist leis an gcroí sa ghuí:
Is é an croí an áit chónaithe a bhfuilim ag baint fúm inti, a lonnaím inti (sa leagan cainte Seimíteach nó bíobalta: a ‘dtuirlingím’ inti). […] Is é an t-ionad é ina ndéanaimid cinneadh, in íochtar ár gclaontaí síceacha thíos. Is é ionad na fírinne é mar a roghnaímid beatha nó bás. Is é ionad na teagmhála é, óir cosúil le Dia féin, mairimid i gcoibhneas. Is é ionad an chomhair agus an chonartha é. (Veritas – Libreria Editrice Vaticana 2001: Alt 2563)
Is léir nach ionann an tuiscint bhíobalta nó dhiagachta ar an gcroí agus an úsáid choitianta a bhaintear as an téarma sin sa lá atá inniu ann. Agus é ag scríobh faoi dhiagacht Naomh Aibhistín, míníonn Philip Cary nach mbíonn aon chontrárthacht dhénártha ann idir an croí agus an mheabhair sa Bhíobla:
The dichotomy Augustine never accepts, it should be emphasised, is the one enshrined in modern talk about the difference between heart and mind. For Augustine soul and body are different kinds of being, but heart and mind are not. Augustine’s use of the term “heart” is wide-ranging, often co-extensive with the term “soul,” but sometimes referring specifically to the soul’s higher part, the mind or intellect. That is to say, sometimes Augustine says “heart” and means “mind.” In this he follows biblical usage, which speaks of the thoughts of the heart and which, in Hebrew, does not even have a separate word for “mind.” The heart both loves and understands, and for Augustine the heart’s highest love is to see the Truth with the inner eye of the mind. […] To turn away from outward, sensible things and look toward the light within is an act of the soul or heart or mind (Augustine can use any of these terms here) motivated by love for Truth and resulting in the intellectual vision of God. Such vision made permanent is eternal happiness, which is why the medieval theologians called it beatific vision. (Cary 2008: 94, 95)
Sa chomhthéacs sin, nuair a iarrann an paidreoir ar Íosa a bheith ina c(h)roí (nó ina m[h]eabhair), tá an paidreoir ag iarraidh ar Íosa a bheith san áit is doimhne agus is spioradálta istigh de/di féin i gcaidreamh comh-mhalartach idirphearsanta.
Tagraítear, freisin, sa chéad líne den phaidir don chuimhne. Ceann de na hacmhainní spioradálta is ea an chuimhne. Trí acmhainn spioradálta atá ann sa diagacht Chaitliceach: an chuimhne (a chuimhníonn), an tuiscint (a thuigeann) agus an toil (a ghránn). Díol suime i gcomhthéacs an teagaisc ar an duine daonna mar áitreabh na Tríonóide gur fhorbair Naomh Aibhistín analach maidir le híomhá Dé sa duine daonna bunaithe ar na hacmhainní spioradálta sin agus gur thóg Naomh Tomás Acuineach ar a chuid smaointe. Mar a mhíníonn an diagaire, Rik Van Nieuwenhove:
Another analogy he [Naomh Aibhistín] develops (De Trin. X.17–19) is that of memory (memoria), understanding (intellegentia) and will (voluntas). These three form one mind (mens), are equal to one another, and therefore suggest a promising avenue to explore the mystery of the Three in One […]
Thus, Augustine draws a comparison between the inner workings of the mind, and the Trinity.
[…] for Augustine, the real image of the Trinity in us is not to be found in the mind remembering, understanding and loving itself (cf. De Trin. XIV. 9) but rather in it remembering, understanding and loving God […]. (Van Nieuwenhove 2012: 23–24)
Is féidir go bhfuil rian den diagacht sin faoin Tríonóid le léamh ar na tagairtí don chuimhne agus don aithrí ghrámhar thapa (‘Bí a Íosa i m’ chroíse i gcuimhne gach uair / bí a Íosa i m’ chroíse le haithrí go luath’) sa chéad véarsa, agus ar an tagairt don tuiscint (‘bí a Íosa go síoraí i m’ thuigse mar an gcéann’’) sa véarsa deireanach.
Is fiú a thabhairt faoi deara nach luaitear an peaca sa dara líne den chéad véarsa (‘Bí a Íosa i m’ chroíse le haithrí go luath’) ach go bhfuil an bhéim ar an gcasadh ón bpeaca agus ar an aithrí chroí thapa. Leantar sa tríú líne le hachainí den chineál céanna ina n-iarrann an paidreoir ar Íosa cabhrú leis/léi a bheith ag comhoibriú le hÍosa le dúthracht (‘bí a Íosa i m’ chroíse le dúthracht go buan’). Luíonn na hachainíocha sin leis an dara gné den teagasc Caitliceach faoi láithreacht inmheánach Dé sa chreidmheach, sa mhéid is go léiríonn an paidreoir iontu go dteastaíonn uaidh/uaithi fanacht dílis d’aithne an ghrá agus fás i gcaidreamh le hÍosa.
Is díol spéise, freisin, é an tagairt do chúrsaí ama (‘gach uair’) sa chéad líne. Dar le hÉilís Ní Thiarnaigh (2012: 114–115) coisrictear an t-am i go leor de na paidreacha dúchais agus tiomnaítear an t-am teamparálta agus an obair do Dhia. Agus é ag trácht ar na paidreacha dúchais, deir Pádraig Ó Héalaí: ‘These prayers indicate a deeply spiritual cast of mind which seeks to sanctify by prayer, ordinary everyday actions’ (1977: 121). Tagraíonn an scoláire scrioptúir, Scott M. Lewis don ‘mutual indwelling and continuous union with Jesus, not just at key moments in one’s life’ (Lewis 2017: 1186) atá intuigthe sna tagairtí do láithreacht inmheánach Dé i soiscéal Naomh Eoin agus is léir go bhfuil mian den chineál céanna ag an bpaidreoir in ‘Bí a Íosa i m’ chroíse’ – go bhfuil sé/sí ag iarraidh go mbeidh Íosa i láthair ann/inti gach uair dá s(h)aol. Mar a sonraíodh sa cheathrú príomhghné de theagasc na heaglaise ar láithreacht inmheánach Dé sa chreidmheach, is blaiseadh de shaol na síoraíochta í láithreacht Dé sa chreidmheach san am teamparálta. Feicfimid ar ball go luaitear an tsíoraíocht sa cheathrú véarsa, go háirithe, den phaidir agus go ngluaiseann an phaidir ina hiomláine ón ngnáth-am chuig an tsíoraíocht. Is dealraitheach, dá bhrí sin, go bhfuil tionchar an teagaisc sin le sonrú ar ábhar agus ar struchtúr na paidre araon.
Tá an gairmeach ag tús na líne deireanaí den chéad véarsa (‘Ó ‘a Íosa, ’Dhé dhílis’) caidreamhach agus grámhar arís, ach an uair seo tá béim ar nádúr daonna agus ar nádúr diaga Íosa. Trí úsáid a bhaint as an uaillbhreas, ‘ó,’ cuirtear béim ar mhothúcháin an phaidreora agus ar a (h)achainí ordaitheach phráinneach ar Íosa gan scaradh uaidh/uaithi (‘Ó a Íosa, ’Dhé dhílis, ná scar thusa uaim’). Má thagraíonn an líne sin do bhuairt an phaidreora maidir leis an gcoimhthiú ó Dhia a tharlaíonn mar thoradh ar an bpeaca agus ar an aithrí mhall, ní ar an bpeaca atá an bhéim ach ar bhuairt na suibiachta maidir leis an gcoimhthíos agus maidir leis an bhfolús a d’fhéadfadh a bheith ann in éagmais an chaidrimh le hÍosa.
Véarsa 2
Sa dara véarsa, bogann an paidreoir ón aitheasc dírithe ar Íosa go foirm an ráitis. Seachas labhairt go díreach le hÍosa, déanann an paidreoir cur síos ar a neamh-thorthúlacht féin d’uireasa Íosa. Dearbhaíonn an paidreoir a spleáchas iomlán ar Íosa. Arís, cuirtear tús leis an gcéad trí líne sa véarsa le hanafara Thríonóideach – ‘gan Íosa’ an uair seo. Cuireann an paidreoir in iúl nach maith leis/léi a smaointe féin de cheal Íosa (‘gan Íosa, mo smaointe ní thaitníonn liom féin’), nach mbíonn sé/sí in ann scríobh ná labhairt gan Íosa (‘gan Íosa ní scríobhaim ná ní bhogaim mo bhéal’) agus nach mbíonn a c(h)uid gníomhartha torthúil ná fiúntach gan Íosa (‘gan Íosa mo ghníomhartha ní maith iad sa tsaol’). Leagan den ‘kenosis’ nó den fhéinfholmhú atá ann a thagann leis an sliocht ar tagraíodh dó thuas ó Shoiscéal Naomh Eoin (Eoin 15: 4–5) áit a ndeir Íosa nach féidir le daoine aon ní a dhéanamh gan é – lomann agus íslíonn an paidreoir é/í féin (Filipigh 2: 6–11) sa véarsa seo agus deimhníonn sé/sí gur díomhaoin iad a smaointe, a b(h)riathra agus a g(h)níomhartha gan Íosa.
Go paradacsúil, ámh, cé go bhfuil díphearsanú agus féinfholmhú á ndéanamh ag an bpaidreoir, is féidir go léiríonn an siar agus aniar idir Íosa agus an ‘mise’ (tarlaíonn an chéad phearsa ocht n-uaire san iomlán sa dara véarsa) gur suibiacht láidir neamhspleách é an paidreoir fós seachas duine atá tar éis é/í féin a fholmhú go hiomlán os comhair Dé agus atá tar éis é/í féin a aontú le Dia (feic Von Balthasar 1992: 383 do phlé ar ghné stíle den chineál céanna i bpríomh-phaidir Naomh Eilís na Tríonóide). Is féidir, dá bhrí sin, go bhfuil dúshlán suntasach spioradálta an fhéinfholmhaithe á léiriú i stíl an véarsa agus go bhfuil buairt an phaidreora maidir le doshroichteacht an aontaithe le Dia sa chúlra arís anseo.
Bogtar ar ais, sa líne dheireanach den dara véarsa, go foirm an aithisc agus labhraíonn an paidreoir go díreach le hÍosa arís leis an uaillbhreas mothálach agus leis an ngairmeach dlúthchaidreamhach a chonaiceamar ag deireadh an chéad véarsa (‘Ó a Íosa, ’Dhé dhílis’). Déanann stíl na líne macalla ar líne dheireanach an chéad véarsa ina bhfuil an paidreoir ag pléadáil le hÍosa gan scaradh uaidh/uaithi. Cé go leantar an gairmeach an iarraidh seo le hachainí dhearfach lúireachúil ina n-iarrtar ar Íosa é/í a ‘thimpeallú’ (Ó Duinn 1990: 93–105) (‘bí romham is ’mo dhéidh’), cuireann an t-athrá treise fós le héirim mhothúchánach na pléadála (feic Ó Caoimh 1991: 36–40 do phlé ar an tslí a dtreisíonn agus a ndaingníonn an t-athrá éifeacht theicnící liteartha éagsúla).
Véarsa 3
Ráitis sa tríú pearsa, seachas achainíocha sa dara pearsa, atá sa chéad trí líne den tríú véarsa, freisin. Tosaíonn gach ráiteas leis an anafara chéanna (‘’S é Íosa mo…’ an uair seo). Sa chéad ráiteas, dearbhaítear gurb é Íosa Rí, cara agus grá an phaidreora (‘S é Íosa mo Rí-se, mo chara is mo ghrá’). Ar an gcéad amharc, tá an chuma ar na teidil sin nach dtagann siad lena chéile, ach mar a mhíníonn Diarmuid Ó Laoghaire: ‘Níl ainm is coitianta inár bpaidreacha do Dhia nó Críost ná “Rí,” ach cuimhnímis gur focal muintearais agus ómóis an focal sin sa Ghaeilge …’ (Ó Laoghaire 1997). Ní rí deoranta atá i gceist, dá bhrí sin, ach rí cóir grámhar agus tagann na téarmaí eile sa líne leis an tuiscint sin. Is téarmaí ceana iad a chuireann béim ar chreideamh an phaidreora i gcairdeas agus i muintearas Íosa. Tagraíonn Pádraig Ó Héalaí do ‘tenderness’ (1977: 122) mar chuid dhlúth de na paidreacha dúchais agus tá an ghrámhaireacht sin le sonrú ar na hainmneacha a thugtar ar Íosa anseo. Is gné í sin a thagann go hiomlán leis an teagasc maidir le láithreacht inmheánach Dé sa chreidmheach – eispéireas de ghrá Dé atá ann. Cosantóir grámhar is ea Íosa, freisin, sa dara líne (‘’s é Íosa mo dhídean ar pheacaí is ar bhás’). Tá macalla sa líne sin arís ó na lúireacha sa mhéid is go dtagraitear don chosaint a thugann Dia don phaidreoir ón olc agus ón gcontúirt. In ainneoin na béime go léir ar an ngrá agus ar an gcosaint, áfach, ní fhéadfaí a rá go bhfuil Íosa faoi mhuirn go hiomlán ag an bpaidreoir anseo óir níl an paidreoir ag labhairt go díreach le hÍosa sa dara pearsa. Ina ionad sin, tá an paidreoir ag dearbhú go neamhphearsanta sa tríú pearsa gurb é Íosa a g(h)rá.
Sa tríú líne den tríú véarsa, deimhníonn an paidreoir gurb é Íosa a (h)aoibhneas agus a s(h)ampla (‘’s é Íosa m’aoibhneas, mo scáthán do ghnáth’). Tríd an íomhá den scáthán, tugann an paidreoir le fios go múnlaíonn sé/sí a s(h)aol ar shaol Íosa, gur mian leis/léi go bhfásfaidh sé/sí i gcosúlacht le hÍosa agus go ndéanfaidh sé/sí scáthánú ar Íosa. Is íomhá chumhachtach í an íomhá den scáthán a léiríonn an cineál aontaithe atá á lorg ag an bpaidreoir le hÍosa. Is léir go bhfuil macalla suntasach san íomhá sin ó shliocht as an Dara Litir le Naomh Pól chuig na Corantaigh: ‘…tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna’ (2 Corantaigh 3: 18). Díol suime é, freisin, go bhfuil ‘a mirror; a cynosure, an object of attention or regard’ i bhfoclóir an Duinnínigh (Dinneen 1996) don fhocal ‘scáthán’ agus go bhfuil ‘a model for the people, one to look up to’ ann do ‘ina scáthán pobail.’ Ag teacht leis an dara gné de theagasc na heaglaise faoi láithreacht inmheánach Dé sa chreidmheach, is léir go n-aibhsíonn an paidreoir san íomhá seo gur mian leis/léi aithris a dhéanamh ar Íosa, a (h)eiseamláir.
Bogann an paidreoir ar ais arís ag deireadh an véarsa chuig an ngairmeach grámhar a chonaiceamar ag deireadh an chéad agus an dara véarsa (‘ó a Íosa, ’Dhé dhílis’) agus leantar an gairmeach le hagairt ar Íosa gan scaradh uaidh/uaithi go brách. Cuireann an t-athrá agrach sin – athrá atá nach mór ina churfá anois – béim ar chráiteacht an phaidreora arís. Is paidreoir é/í atá ag iarraidh go dtiocfaidh a g(h)rá, Íosa, chun cónaithe ann/inti ach atá fós ag streachailt lena b(h)uairt maidir le neamhláithreacht Dé ina s(h)aol. Is léir, freisin, go bhfuil an phaidir ag bogadh ón am saolta teamparálta go dtí an tsíoraíocht agus an t-am spioradálta – ní hamháin nach bhfuil sé/sí ag iarraidh a bheith scartha ó Dhia san am i láthair, ach is mian leis/léi gan a bheith scartha uaidh go brách (‘’s a Íosa, ’Dhé dhílis, ná scar liom go bráth’).
Véarsa 4
Sa chomhthéacs sin, ní haon ionadh é go bhfuil an bhéim ar an tsíoraíocht sa véarsa deireanach. Déanann an t-ordú agus an gairmeach ag tús na chéad trí líne (‘bí a Íosa go síoraí’) macalla ar na horduithe agus na gairmigh sa chéad véarsa ach, an tráth seo, teastaíonn ón bpaidreoir go dtiocfaidh Íosa chun cónaithe ann/inti go deo. Is léir, dá bhrí sin, mar a luadh thuas, go bhfuil rian den cheathrú gné den teagasc faoi láithreacht inmheánach Dé le léamh ar struchtúr na paidre sa mhéid is go gcuireann an tslí a ngluaiseann an phaidir ón am teamparálta i dtreo na síoraíochta béim ar láithreacht Dé sa tsuibiacht dhaonna mar bhlastanas de shaol na síoraíochta.
Sa véarsa seo is mian leis an bpaidreoir go mbeidh Íosa istigh ina c(h)roí, ina b(h)éal, ina t(h)uiscint agus ina m(h)eabhair go deo. Ba dheacair gan an macalla suntasach ó fhrása Naomh Tomás Acuineach a luadh sa dara gné de theagasc na heaglaise thuas a léamh ar an meafar sa tríú líne (‘bí a Íosa go síoraí i m’ mheabhair mar léann’). Teastaíonn ón bpaidreoir go mbeidh Íosa istigh ann/inti mar a bhíonn an léann sa scoláire nó i bhfocail an naoimh arís: ‘as the object known is in the knower’ (Thomas Aquinas 2017: Cuid 1, Ceist 43, Alt 3).
Cuirtear deireadh leis an véarsa, agus leis an bpaidir, le líne a thosaíonn arís le ‘ó a Íosa, ’Dhé dhílis’ agus a chríochnaíonn le hachainí ar Íosa gan an paidreoir a fhágáil leis/léi féin (‘ná fág mé liom féin’). Fágann an t-athrá an léitheoir le léargas arís ar chráiteacht an phaidreora. Is paidreoir é/í atá ag iarraidh go mbeidh Íosa ina chónaí istigh ann/inti ach atá fós buartha faoin gcoimhthiú aonaránach.
Conclúid
Is léir ón ngrinnanailís sin ar an téacs gur paidir í seo ina nguíonn an paidreoir ar Íosa teacht chun cónaithe go hinmheánach ann/inti féin. Is mian leis an bpaidreoir a bheith mar áitreabh d’Íosa. Tá tionchar na sciathlúireach le léamh ar an bpaidir, tá ‘scrioptúrthacht’ (Ó Laoghaire 1975, 1990: xxvi) fhollasach le léamh uirthi; agus ag eascairt aisti sin, tá na gnéithe go léir de theagasc na heaglaise Caitlicí a luadh thuas maidir le láithreacht speisialta inmheánach Dé san fhíréan le léamh ar struchtúr, ar fhriotal, ar íomhánna agus ar ábhar na véarsaí:
- sa chéad áit, feictear an ghné Thríonóideach den teagasc i struchtúr inmheánach na véarsaí; feictear í sna tagairtí don chuimhne, don tuiscint agus don aithrí ghrámhar – tagairtí a dhéanann macalla ar an analach don Tríonóid a bhíodh in úsáid ag Naomh Abhaistín; agus feictear í sa bhéim a chuirtear ar nádúr grámhar Dé sa phaidir ina hiomláine;
- sa dara háit, is mian leis an bpaidreoir (sa chéad, sa dara agus sa cheathrú véarsa go háirithe) freagairt ina smaointe, ina b(h)riathra agus ina g(h)níomhartha do láithreacht Íosa istigh ann/inti – is mian leis/léi maireachtáil i láithreacht Íosa, agus, sa tríú véarsa, dearbhaíonn an paidreoir go dteastaíonn uaidh/uaithi a s(h)aol a mhúnlú ar shampla Chríost;
- sa tríú háit, tá gnéithe den fhéinfholmhú le léamh, go háirithe, ar an dara véarsa, áit a n-admhaíonn an paidreoir a spleáchas iomlán ar Íosa; agus
- sa cheathrú háit, bogann an dán ón am teamparálta go dtí am na síoraíochta agus is léir go bhféachtar ar láithreacht Íosa san fhíréan mar bhlaiseadh de shaol agus de rúndiamhracht na bhflaitheas.
In ainneoin na béime sin go léir ar láithreacht inmheánach Dé sa phaidreoir, ní léir aon rian d’adhradh grámhar Íosa sa dara pearsa ar théacs na paidre. I bhfocail eile, is é an tnúthán atá chun tosaigh agus ní tharlaíonn an t-aontú le hÍosa atá á lorg ag an bpaidreoir laistigh den phaidir. Ar an dóigh chéanna, cé go ndéanann an paidreoir é/í féin a fholmhú sa dara véarsa, léiríonn minicíocht na chéad phearsa sa phaidir gur suibiacht láidir neamhspleách go leor é/í an tsuibiacht atá ag guí fós. Anuas air sin, briseann pléadáil bhuartha na líne deireanaí de gach véarsa isteach ar fhorás na paidre ina hiomláine. Sa líne dheireanach sin de gach véarsa, iarrann an paidreoir ar Íosa trí huaire gan é/í a fhágáil ina (h)aonar agus iarrann an paidreoir ar Dhia uair amháin é/í a thimpeallú.
Is féidir an líne athráite rabharta sin a léamh mar chomhartha go bhfuil buairt ar an bpaidreoir go scarfaidh an peaca é/í ó Íosa agus, de réir theagasc na heaglaise, is cinnte go bhfuil freagairt dhearfach an chreidmhigh ina coinníoll do láithreacht inmheánach Dé san fhíréan. D’fhéadfaí an líne athráite a léamh, freisin, mar chomhartha go bhfuil an paidreoir ag dul i ngleic le nádúr doshroichte na haontachta le Dia sa saol seo. I bhfocail Julia Meszaros ‘… the experience of the divine indwelling can come with a sense of loneliness … union is inseparable from distinction or differentiation’ (Meszaros 2015: 477).
Pé bealach ina léitear na tagairtí do bheith scartha ó Dhia, is cinnte gur comhartha iad go ndéanann an paidreoir streachailt mhianchumhach le láithreacht agus le neamhláithreacht inmheánach Dé. D’áiteoinn, i bhfianaise na hanailíse, go ndéanann an streachailt sin macalla ar ghnéithe de streachailt ár linne le láithreacht agus le neamhláithreacht Dé. Ar ndóigh, ó aimsir Nietzsche tá an coimhthíos ó Dhia aitheanta mar shaintréith den chultúr comhaimseartha. Tagraíonn Bernard Lonergan (1968), mar shampla, do na bealaí nach mbíonn Dia i láthair sa chultúr sin agus tugann Pádraig de Paor cultúr ‘dídhraíochtaithe’ ar an gcultúr freacnairceach a bhfuil ‘géarchéim spioradálta’ ann dar leis (de Paor 2023: 99, 108). Ag trácht dó ar chúrsaí creidimh san fhilíocht chomhaimseartha, tagraíonn Ciarán Mac Murchaidh, mar shampla eile, don ‘choimhlint idir an creideamh agus an t-amhras’ (Mac Murchaidh 2005: 43) a bhíonn coitianta san fhilíocht sin. Díol suntais é gur mar fhreagra ar choimhthíos agus ar fholús spioradálta na haoise ina raibh sí ag scríobh (1944) a chuir Caryll Houselander béim ar láithreacht inmheánach Dé sa tsuibiacht dhaonna ina cuid scríbhinní (Houselander 2020: 7–16). Is spéisiúil, freisin, go bhfuil béim úr á cur ag scríbhneoirí spioradálta sa lá atá inniu ann ar theagasc seo na heaglaise ar chúiseanna den chineál céanna. Cuireann Thomas Keating i gcás, mar shampla, go bhfuil saol an duine sa lá atá inniu ann ‘characterized by the sense that God is absent’ (Keating 2001a: 1) agus dar leis ‘[t]he teaching of Divine Indwelling is a fundamental doctrine for the spiritual journey’ (2001b: 93).
In ‘Bí a Íosa i m’ Chroíse’ guíonn an paidreoir do chomhluadar grámhar inmheánach Íosa agus don tionchar claochlaitheach bunathraitheach a thagann ón gcomhluadar sin, ach léiríonn an paidreoir buairt, san am céanna, nach bhfanfaidh an comhluadar sin leis/léi agus go bhféadfadh sé/sí a bheith fágtha i bhfolús leis/léi féin. Is féidir, dá bhrí sin, gurb í ábharthacht na streachailte sin don chreidmheach nua-aimseartha a chinntíonn, i bpáirt ar a laghad, go mbíonn tóir shuntasach fós, san aonú haois is fiche, ar an bpaidir dhúchais áirithe seo. Sa chomhthéacs sin, is cinnte go dtuilleann an téacs aird chriticiúil agus go dtuilleann an phaidir ceiliúradh de bharr na slí a gcuireann sí friotal tarraingteach, agus snoiteacht shuaithinseach foirme, ar ghné dhiamhair dhomhain den spioradáltacht dhúchasach – gné atá fréamhaithe sna scrioptúir agus i dteagasc oifigiúil na heaglaise Caitlicí, agus a bhfuil brí ag baint léi fós do phaidreoirí agus do cheoltóirí comhaimseartha.
Saothair a ceadaíodh
An Bíobla Naofa (1981) Ó Fiannachta, P. (eag.) Maigh Nuad: An Sagart.
Begley, S. agus Mac Diarmada, O. (2012) ‘Bí a Íosa Im’ Chroí-se.’ In: Begley, S. agus Mac Diarmada, O. An Irish Christmas Soundscape. CD: Album. Sligo: Ceol Productions Ltd.
Breathnach, P. (eag.) (1916) Raint Amhrán. Cuid a Dó. Baile Átha Cliath: The Irish Education Company.
Cary, P. (2008) Outward Signs: The Powerlessness of External Things in Augustine’s Thought. Oxford: Oxford University Press.
Cumann Gaodhalach na h-Eaglaise (1916) Duanaire Diadha: do soláthruighedh i gcómhair seirbhís nGaodhalach Eaglaise na h-Éireann. Dún Dealgan: Dungalgan Press.
de Paor, P. (2023) ‘Gabriel Rosenstock, Cleasaí.’ In: Ní Ghearbhuigh, A. agus Rosenstock, T. (eag.) Inside Innti: A new wave in Irish poetry. Cork: Cork University Press: 99–115.
Dinneen, P. S. (eag.) (1996 [1927]) Foclóir Gaedhilge agus Béarla/An Irish-English Dictionary. Dublin: Irish Texts Society.
Elizabeth of The Trinity (Naomh Eilís na Tríonóide) (2014a [1984]) The Complete Works: I Have Found God. Volume One, General Introduction, Major Spiritual Writings. Kane, A. (aist.) Washington, D.C.: ICS Publications, Institute of Carmelite Studies.
Elizabeth of the Trinity (Naomh Eilís na Tríonóide) (2014b [1995]) The Complete Works. Volume Two, Letters from Carmel. Englund Nash, A. (aist.) Washington, D.C.: ICS Publications, Institute of Carmelite Studies.
Gillen, G. (cóiritheoir ceoil) (1975) ‘Bí ’Íosa Im Chroíse.’ In: Threadgold, J. (eag.) The Veritas Hymnal. Organ Edition. Dublin: Veritas Publications: 33.
Gillen, G. (2000) ‘Irish Catholics and Hymns.’ In: The Furrow 51 (10): 548–556.
Houselander, C. (2020 [1944]) The Reed of God. Notre Dame, Indiana: Christian Classics, Ave Maria Press Inc.
Hunt, A. (2008) ‘Apostle of the Indwelling Trinity: Elizabeth of the Trinity OCD.’ In: Irish Theological Quarterly 73: 60–72.
Keating, T. (2001a) ‘The Divine Indwelling.’ In: Keating, T., Ward, T. R., Butler, S. A., Cairns, G. F., Fitzpatrick-Hopler, G. agus Lawson, P. D. The Divine Indwelling: Centering Prayer and Its Development. New York: Lantern Books: 1–10.
Keating, T. (2001b) ‘The Practice of Attention / Intention.’ In: Keating, T., Ward, T. R., Butler, S. A., Cairns, G. F., Fitzpatrick-Hopler, G. agus Lawson, P. D. The Divine Indwelling: Centering Prayer and Its Development. New York: Lantern Books: 93– 102.
Lawton, L. (eag.) (1999) ‘Bí ’Íosa Im Chroíse.’ In: Lawton, L. (eag.) In Caelo: Songs for a Pilgrim People. Dublin: Veritas Publications: 19.
Leo XIII (1897) Divinum Illud Munus [Encyclical on the Holy Spirit]. Vatican City: Libreria Editrice Vaticana. Ar fáil ag: https://www.vatican.va/content/leo-xiii/en/encyclicals/documents/hf_l-xiii_enc_09051897_divinum-illud-munus.html [faighte 17 Meitheamh 2025].
Lewis, S.M. (2017) ‘The Gospel According to John.’ In: Durkan, D. (eag.) New Collegeville Bible Commentary. Collegeville, Minnesota: Liturgical Press: 1163–1197.
Lonergan, B. (1968) ‘The Absence of God in Modern Culture.’ In: Bernard Lonergan Archive. Milwaukee: Marquette University: 1–21. Ar fáil ag: https://bernardlonergan.com/archive/24920dtel60/ [faighte 15 Iúil 2025]
Mac Craith, M. (1992) ‘An Intinn Ghaelach agus an Diagacht.’ In: Comhar 51 (5): 116–129.
Mac Murchaidh, C. (eag.) (2005) Lón Anama: Poems for Prayer from the Irish Tradition. Cnuasach de dhánta cráifeacha Gaeilge maille le haistriúcháin i mBéarla. Baile Átha Cliath: Cois Life.
McPolin, J. (1979) John: New Testament Message 6. Dublin: Veritas Publications.
Meszaros, J. (2015) ‘The Doctrine of “Divine Indwelling” in Elizabeth of the Trinity and Caryll Houselander.’ In: New Blackfriars 96 (1064): 465–480.
Moreno, A. (1985) ‘The Indwelling of the Trinity and St. Teresa’s “Prayer of Recollection.” In: Review for Religious 44 (3): 439–449.
Saint Augustine (Naomh Aibhistín) (2008 [1992]) Confessions. Chadwick, H. (aist.) Oxford: Oxford’s World Classics, Oxford University Press.
Nelly, U. (1988) ‘Prayer in Irish Spirituality.’ In: The Furrow 39 (7): 429–441.
Ní Chionnaith, E. (2012) An Spioradáltacht Cheilteach: Ár nOidhreacht Spioradálta agus Chultúrtha. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Ábhair Spioradálta.
Ní Dhéisighe, S. (eag.) (1924) Paidreacha na nDaoine. Baile Átha Cliath: Clólucht an Talbóidigh.
Ní Ógáin, Ú. (eag.) (1928) Dánta Dé: idir sean agus nuadh. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
Ní Thiarnaigh, É. (2012) ‘The Spirituality of our Irish Ancestors.’ In: Seanchas Ardmhacha: Journal of the Armagh Diocesan Historical Society 24 (1): 114–125.
Ó Caoimh, I. (1991) ‘An tAthrá mar Ghléas Liteartha.’ In: Comhar 50 (3): 36–40.
Ó Duinn, S. (1990) Orthaí Cosanta sa Chráifeacht Cheilteach. Maigh Nuad: An Sagart.
Ó Gallchobhair, É. (1967) Bí, a Íosa, im chroíse: do chór dhá ghuth. Scór ceoil. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.
Ó Háinle, C. (1976) ‘Life of the Spirit (xi): An Aspect of Irish Spirituality.’ In: The Furrow 27 (11): 583–596.
Ó Héalaí, P. (1977) ‘Review: Ár bPaidreacha Dúchais by Diarmuid Ó Laoghaire.’ In: The Furrow 28 (2): 120–124.
O’Keeffe, J. (2017) The Masses of Seán and Peadar Ó Riada: Explorations in Vernacular Chant. Cork: Cork University Press.
Ó Laoghaire, D. (1956) ‘Irish Spirituality.’ In: The Furrow 7 (1): 3–21.
Ó Laoghaire, D. (eag.) (1990 [1975]) Ár bPaidreacha Dúchais: Cnuasach de Phaidreacha agus de Bheannachtaí ár Sinsear. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Ábhair Spioradálta.
Ó Laoghaire, D. (1997) ‘Ár bPaidreacha Féin.’ In: Aisling Magazine. Ar fáil ag: https://www.aislingmagazine.com/aislingmagazine/articles/TAM21/Fein.html [faighte 17 Meitheamh 2025].
Ó Riada, S. (eag.) (1971) Ceol an Aifrinn mar a Chantar i nGaeltacht Chúil Aodha. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta.
Ó Tuama, S. Óg (eag.) (1958) An Chóisir Cheoil. Baile Átha Cliath: An Claisceadal Cois Life & Comhlucht Oideachais na hÉireann, Tta.
Palestrina Choir (2009) ‘Bí, Íosa Im’ chroíse.’ In: Palestrina Choir (faoi stiúir Murphy, B.) The Bells of the Angelus: Hymns and Anthems from Ireland. CD Album. Dublin: The Palestrina Choir, St Mary’s Pro-Cathedral.
Pius XII (1943) Mystici Corporis Christi [Encyclical On the Mystical Body of Christ]. Vatican City: Libreria Editrice Vaticana. Ar fáil ag: https://www.vatican.va/content/pius-xii/en/encyclicals/documents/hf_p-xii_enc_29061943_mystici-corporis-christi.html [faighte 17 Meitheamh 2025].
Thomas Aquinas (Naomh Tomás Acuineach) (2017) ‘The Mission of the Divine Persons.’ Summa Theologiæ. Knight, K. (eag. an leagain ar líne). Ar fáil ag: https://www.newadvent.org/summa/1043.htm [faighte 15 Iúil 2025].
Van Nieuwenhove, R. (2012) ‘Augustine of Hippo.’ In: Van Nieuwenhove, R. (eag.) An Introduction to Medieval Theology. Cambridge: Cambridge University Press: 7– 26.
Veritas – Libreria Editrice Vaticana (2001 [1997]) Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí. Ó Doibhlin, B. agus Mac Giolla Chomhaill, A. (aist.) Baile Átha Cliath: Veritas – Libreria Editrice Vaticana.
Von Balthasar, H. U. (1992 [1970]) Two Sisters in the Spirit: Thérèse of Liseux & Elizabeth of The Trinity. Nichols, D., England Nash, A. agus Martin, D. (aist.) Ignatius Press: San Francisco.
Von Balthasar, H. U. (1986) ‘On the Concept of Person.’ In: Communio: International Catholic Review 13: 18–26.